Ar fostú ag 7 mbliana d'aois, buachailleacht agus an obair a bhí le déanamh aici. I Machaire Chlochair a bhí sí ar dtús, bhí sí ábalta a dhul na bhaile achan oíche. £1 , 10 scilling an pá ar feadh 6 míosa oibre. Chuaigh sí ag bean eile an darna bliain, sa cheantar fosta. An obair chéanna, ag tarraingt uisce, ag buachailleacht agu sag amharc I ndiaidh na móna. Ní dheachaigh sí na bhaile achan oíche an t-am sin. Ní raibh mórán airgid ag daoine san am sin.
Fad: 00:04:24 Éist
Ag dul isteach go oileán Ghabhla ar fhostú. Ní raibh mórán páistí ar an oileán san am sin agus bhíodh daoine de dhith orthu le buachailleacht a dhéanamh. Bhí sí féin ag seanbhean agus seanfhear i 1939 agus bhí siad iontach maith di. Cur síos ar a ham ansin agus an obair a bhí le déanamh aici. Bhí cumhaidh uirthi i ndiaidh an bhaile, lá amháin sa tseachtain a fuair sí amach, De Domhnaigh. I rith mí Iúil bhíodh Aifreann istigh agus ní thagadh sí amach. An dóigh a thagadh sí amach go tír mór, shiúladh siad ó theach an bháid go Teach an Phobail, ní raibh mórán carranna ann san am. Bhíodh seálta ar na mná agus chasadh sí lena máthair i ndiaidh an Aifrinn. Fuair sí aithne mhaith ar dhaoine an oileáin uilig.
Fad: 00:07:31 Éist
Chuaigh sí go hAlbain chuig a deartháír ag 15 bliana d'aois. An pá a bhí aici. An turas ó hÉirinn go hAlbain, an lá sular imigh sí agus an chumhaidh a bhí ar a máthair agus uirthi féin. Chuaigh sí ó Bhéal Feirste go Stranraer agus ar leoraí go dtí an fheirm a bhí sí ag fáil oibre uirthi. Cur síos ar an áit thall, bhí léir luchóga ar na feirmeacha. Ag stopadh i mbothaí agus "hotplate" le cócaireacht air. Málaí lán cocháin fá choinne piliúir, 8 mbosca póir (seedbox) a bhíodh acu le leaba a dhéanamh astu agus 2 bhlaincéad. 1947 a bhí ann agus bhí raisíní ann san am. An dóigh ar chaith sí an t-airgead agus an caitheamh aimsire a bhíodh acu oíche Shatharn. Théadh sí an Aifrinn maidin Dé Domhnaigh ar an bhus. Cur síos ar a lá oibre, in "squads". Bhíodh siad ar shiúl luath ar maidin. Bhíodh na fir ag baint leis na "grapes" agus na mná ag obair ar a nglúine. Bhí obair chrua ann, bhíodh tae acu ar an 10 a chlog. Bhíodh siad amuigh ag obair ar 5 nó 6 a chlog ar maidin. Bhíodh dinnéar acu ar an 12 a chlog, préataí, bainne agus salainn corr uair, ní bhíodh móran acu.
Ní raibh mórán béarla acu, cúpla scéal faoi seo.
Bhíodh siad ag cur litreacha na bhaile agus chuireadh a máthair milseáin anonn chuici.
Bhí léir spóirt acu fosta.
Fad: 00:19:15 Éist
D'oibir sí i mbialann thall i nGlaschú in 1953, an pá a bhí aici. Chuaigh sí go "Paisley" ansin agus chaith sí 28 bliain ag obair ansin. Ag obair ar na busanna a bhí sí, cur síos ar seo agus na áiteanna a chuaigh sí. Na daoine a casadh uirthi agus na eachtraí a bhí aici. Bhí amanna trioblóideacha aici fosta ó dhaoine áirtihe.
Fad: 00:10:41 Éist